Sale!

Eire A Munlu

Original price was: €33.95.Current price is: €30.55.

This product is on backorder — can be purchased but expect delays.

Due Shortly

Secure Payment
100% Secure Payment
Fast Processing
Within 3 Working Days
Full Refund
Within 14 Days

Description

Tá Éire Á Múnlú scríofa i stíl shoiléir fhíorasach. Déantar trácht ar chúrsaí staire de réir an eolais agus na dtuiscintí is déanaí. Tá an-éagsúlacht sna léaráidí áille agus sna híomhánna staire ann. Cuirtear na príomhstaitisticí i láthair i ngraif agus i gcairteacha atá soiléir, áisiúil.

Déantar clúdach cuimsitheach sa leagan seo den leabhar Éire Á Múnlú ar thrí thopaic i Stair na hÉireann sa Nua-Aois Dhéanach, agus ar na cás-staidéir a bhaineann leis na trí thopaic.

• Topaic 2: Gluaiseachtaí ar son Leasú Polaitíochta agus Sóisialta, 1870–1914 (topaic atá leagtha síos i gcomhair 2026/2027)

• Topaic 3: Ar Thóir an Fhlaithis agus Tionchar na Críochdheighilte, 1912–1949

• Topaic 5: An Pholaitíocht agus an tSochaí i dTuaisceart Éireann, 1949–1993

Seo cuid de phríomhghnéithe Éire Á Múnlú:

• Treoir ag tús an leabhair a chuirfidh ar chumas na scoláirí tuiscint níos fearr a fháil ar chúrsaí gramadaí, mar aon le focail agus frásaí a chabhróidh leo aistí staire a scríobh

• Tugtar na hintinní foghlama i dtús gach caibidle

• Cuirtear Eochairchoincheapa i láthair go soiléir

• ‘Eochairphearsana’ – beathaisnéisí gearra dírithe ar riachtanais an scrúdaithe

• ‘Blúiríní Beatha’ na bpríomhphearsana, mar dhúshraith i gcomhair tuilleadh taighde

• Achoimre ar gach caibidil

• Ceisteanna athbhreithnithe i ndeireadh gach caibidle

• Ceisteanna ó sheanpháipéir scrúdaithe agus téacsanna ábhartha taobh le taobh

• I ndeireadh gach caibidle, ceisteanna samplacha den chineál a bhíonn ar pháipéir scrúdaithe an Ghnáthleibhéil agus an Ardleibhéil

• I dTopaic 2, tugtar réimse leathan doiciméad ábhartha i gcomhair na ceiste doiciméad-bhunaithe. Déantar na ceisteanna cleachtaidh a rangú faoi cheannteidil a oireann don scrúdú, mar shampla Tuiscint, Comparáid, Léirmheastóireacht agus Comhthéacsú.

• Tá eolas cuimsitheach faoin scrúdú ann:

– Comhairle do scoláirí Ard agus Gnáthleibhéil araon

– Míniú ar an scéim mharcála

– Treoirlínte maidir leis an Tuarascáil ar an Staidéar Taighde

– Treoir shoiléir ar conas na ceisteanna doiciméad-bhunaithe a fhreagairt

– Aiste shamplach iomlán le nótaí tráchta