Sale!

GAEILGE Allons-y 1 Textbook, Mon Chef d’oeuvre & Lexique

Original price was: €19.95.Current price is: €17.96.

In Stock

0.00
  • Options Price: 0.00
  • Product Price: 17.96
  • Total: 0.00
Secure Payment
100% Secure Payment
Fast Processing
Within 3 Working Days
Full Refund
Within 14 Days

Description

Please note: This is the Irish language school edition of Allons-y 1 for Junior Cycle French.

Allons-y 1 – Fraincis na Sraithe Sóisearaí: An Chéad Bhliain
Na hábhair in Allons-y 1:

Téacsleabhar

Tá topaicí coitianta leagtha amach go réidh is go héasca, ar shlí a leagann dúshraith síos do scoláirí cumarsáid a dhéanamh agus iad féin a chur in iúl
Is de réir téamaí a leagtar na caibidlí amach. Tosaíonn gach caibidil le mianta foghlama agus imlíne ar na príomhthopaicí, pointí gramadaí agus eolas cultúrtha
Cuirtear an t-eolas i láthair i dteanga shoiléir a oireann don aois léitheoireachta atá i gceist sa chúrsa nua comhleibhéil
Déantar coincheapa a dhaingniú trí chleachtaí comhtháite éisteachta, léitheoireachta, cainte agus scríbhneoireachta
Boscaí gramadaí a sheasann amach ar an leathanach agus a mbíonn tascanna agus cleachtaí ina ndiaidh
Boscaí des Mots Clés le haird a tharraingt ar fhocail agus ar fhrásaí nua
Foclaíocht chomhleanúnach a chabhraíonn le scoláirí eolas a chur ar an teanga, sa chaoi gur féidir éirí as na treoracha Gaeilge de réir a chéile
Retenez ! a chuireann eolas tábhachtach i láthair chomh maith le leideanna a chothaíonn an fheasacht teanga
Tástálacha féinmheasúnaithe a chabhróidh le scoláirí súil a choinneáil ar a ndul chun cinn
Le dossier francophone chun feasacht idirchultúrtha agus eolas ar an tsochaí a mhéadú
Resumé chun foclóir agus coincheapa nua a dhaingniú
Le texte authentique, a dhíríonn ar théacsanna dílse i gcomhthéacs
Mon chef d’œuvre

Spás inar féidir le scoláirí:
A gcuid ‘máistirphíosaí’ féin a chruthú i bhformáidí traidisiúnta agus digiteacha
Machnamh agus measúnú a dhéanamh ar a ndul chun cinn agus straitéisí foghlama a aithint
Tascanna scafláilte a chur i gcrích agus scileanna a fhorbairt i gcomhair Measúnaithe Rang-Bhunaithe
Lexique

Ainmfhocail, aidiachtaí agus briathra ón téacsleabhar in ord aibítre, chun gur féidir teacht orthu gan dua
Spás le focail nua a chur isteach
Réimniú na mbriathra is úsáidí in Allons-y 1 (aimsir láithreach)